Cúrsaí Cumarsáide
Baineann cúrsaí cumarsáide leis an scéal a scaipeadh faoina mbíonn ar siúl againn.
Baineann siad freisin le héisteacht dár gcuid custaiméirí, ionas gur féidir an eagraíocht a fhorbairt de réir a dtuairimí siúd. Is ar an gcuma san a chinnteofar go mbímid i ndáirire ag freagairt do riachtanais an phobail.
Straitéis Eolais agus Cumarsáide
Tá sé mar aidhm ag an straitéis úd cumarsáid cuí a bhunú ar bhonn soiléir leanúnach idir Údaráis Áitiúla an Chabháin agus na páirtithe leasmhara, laistigh agus lasmuigh den eagraíocht.
-
Priontáil an Straitéis Eolais agus Cumarsáide (pdf, 185 Kb)
D’fhorbair Údaráis Áitiúla an Chabháin an Straitéis Eolais agus Cumarsáide maraon le Plean Gníomhaíochta chun a léiriú:
-
na modhanna cumarsáide a bhíonn againn le dreamanna éagsúla
-
mar a chuirfimid feabhas ar mhodhanna cumarsáide leis an bhfoireann agus leo siúd atá lasmuigh den eagraíocht
Cáipéis tábhachtach is ea an Straitéis mar tá rún againn:
-
ar gcuid cumarsáide a fheabhsú
-
cur chuige ar bhonn comónta a úsáid ar fud Údarás Áitiúla an Chabháin.
Tá sé mar aidhm ag an straitéis cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm maidir le :
-
a mbíonn le rá ag na húdaráis áitiúla a chur in iúl
-
eolas ó fhoinsí eile a bhailiú.
Sonraí Teagmhála
Oifigeach Caidrimh Custaiméara
Oifigeach Cumarsáide